Is é is aidhm do PGR StudentSurvey.ie léargas a thabhairt ar eispéireas na mac léinn taighde iarchéime agus, i dtorthaí na bliana 2025, tarraingítear aird ar roinnt mhaith forbairtí dearfacha.

Bhí tuairimí fabhracha ag mic léinn faoi leibhéal agus cáilíocht na maoirseachta a fuair siad, bhí tuiscint láidir acu ar an méid ba ghá dóibh a dhéanamh, agus bhraith siad go raibh siad ag forbairt scileanna láidre taighde agus scileanna inaistrithe eile. Tríd is tríd, mheas siad a n-eispéireas taighde ardoideachais a bheith dearfach.

Nuair a fhéachtar ar na torthaí ar bhonn fadaimseartha, tá patrún leantach feabhsúcháin sheasta le feiceáil ar fud roinnt príomhréimsí den eispéireas taighde iarchéime:

  • Tá méadú tagtha ar an líon mac léinn a bhfuil níos mó ná maoirseoir amháin acu.
  • Tá pleananna forbartha pearsantaithe á gcur chun feidhme ar bhonn níos leithne.
  • Tá fáil níos éasca ag mic léinn ar chomhairle gairme.
  • Leanann an t-aonrú sóisialta de bheith ag meath, go háirithe i gcomparáid leis an scéal le linn ré phaindéim COVID-19.
  • Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an líon deiseanna a fhaightear chun am a chaitheamh thar lear.

Leanaimid le méadú fáilteach a fheiceáil ar an líon mac léinn a thuairiscíonn go bhfuil siad ag obair i gcomhar le heagraíocht sochaí sibhialta nó le heagraíocht phoiblí. Tá an ráta comhoibrithe cothrom le 26% anois (níos airde ná an figiúr i suirbhéanna roimhe). Is léiriú é sin ar neartú leantach an chomhair, agus ar an bhfás leantach ar líonraí comhoibríocha, idir an tsochaí shibhialta agus an lucht léinn, rud ar cheart go gcabhródh sé leis na figiúirí sin a mhéadú amach anseo.

Ba cheart do léitheoirí a chuimhneamh gur le deais chuimsitheach idirghníomhach ar líne, atá ar fáil ag www.studentsurvey.ie, a chomhlánaítear an tuarascáil seo. Ba cheart amharc ar an tuarascáil seo agus ar an deais i dteannta a chéile, ionas go ngnóthóidh an léitheoir an tuiscint is mó is féidir as na torthaí.

Tá StudentSurvey.ie comhurraithe ag an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO), ag Cumann Ollscoileanna Éireann (COÉ), ag Cumann na nOllscoileanna Teicneolaíochta (COT) agus ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), ar ar tugadh USI roimhe seo.

Ba mhaith le comhurraitheoirí StudentSurvey.ie buíochas a ghabháil leis na 4,225 mhac léinn taighde iarchéime a thug a n-am agus a léargas luachmhar agus iad ag glacadh páirt in PGR StudentSurvey.ie 2025 agus a bhfuil a gcuid tuairimí mar bhunús leis na torthaí atá sa tuarascáil seo.